About mancirishlang

Irish Language Group

Competition Winners 2015

Prós –  Prose:

1ú.  “Mála an Éithigh” le Lisa Nic Dhoinnléibhe, Gaillimh léamh

2ú.  “Fear uasal” le Réaltán Ní Leannáin, Leamhcán, Baile Átha Cliath léamh

Filíócht  –  Poetry:

1ú.  “An Giorria Éireannach” le Seán Ó Muireagáin, Béal Feirste léamh

2ú.  “Sionnach ar fhaiche oíche” le Gréagoir Ó Dúill, Baile Átha Cliath léamh

 

Mála an Éithigh

le Lisa Nic Dhoinnléibhe, Gaillimh

 

“Cad sa diabhal é sin!?”

D’aisfhuaimnigh scairt chaol Aoife ina gírle guairle i measc na stuaiceanna ina dtimpeall. Bhain glór na fuaime geit as Aoife féin fiú, gan trácht ar an dream turasóirí a bhí sna sála orthu. Ní hé nach raibh a fhios aici cad a bhí sa mhála lomchaite a bhí tar éis titim as mála droma Pedro. Nár mhinic sult bainte aici as an dtaisce istigh cheana.

Bhí a fhios aici anois gur botún é an scread a ligint aisti, rud a tharraing aird na dturasóirí eile ar an mála chomh maith. Thiontaigh Pedro de phráinn agus d’fhéach sé ar chúis imní Aoife; an mála dúdhearg ina luí ar an dtalamh chreagach taobh thiar dó, a bhéal ar leathoscailt, é i mbaol a rún a sceitheadh. Stán sé ar Aoife, súile a chinn ag impí uirthi fanacht socair le go gcuirfeadh sé an mála thar nais ina mhála droma. Shocraigh a ghluaiseachtaí suaimhneacha na turasóirí agus leanadar tharstu ar a gcuid spaisteoireachta.

Rug Pedro greim docht láimhe ar Aoife.

“Labhróimid faoi níos déanaí,” ar sé de shiosarnach ina cluas. Thuig Aoife ar dháiríreacht a ghutha nach raibh an dara rogha aici ach ligint uirthi nár tharla faic. Ligint uirthi nár mhothaigh sí meáchan ar a hucht a chuir bac ar mhéid an ocsaigin a bhí á shú aici. Shiúl an bheirt, lámh i lámh a chéile, iad ina dtost, iad ag dul i dtreo an bhealaigh amach, i dtreo luí na gréine. Dhá scáth ar thírdhreach gealaí Valle de la Luna.

*

Shuigh an mála dúdhearg ar an leaba eatarthu. Bhí aghaidh Aoife beagnach ar chomhdhath leis an mála, agus bhí deoir le feiscint ar a leiceann. Ceisteanna á n-árdú féin ina hintinn.

“Agus bhí sé agat a Phedro … ar an mbus … ón gColóim go dtí an Bholaiv? An bus ar ar tháinig na hoifigigh chustam ar bord?”

“Bhí…”

Samhail shoiléir na n-oifigeach in intinn Aoife. A nguthanna borba ag iarraidh pasanna ar gach éinne ar an mbus, iad ag streachailt málaí ón gcorrdhuine chun spotseiceáil a dhéanamh, iad ag caitheamh na málaí thar nais. Ghriog seo an neirbhís a bhraith sí ag an am. Ach de réir a chéile, ní neirbhís a mhothaigh sí ach imeagla. Imeagla agus fearg.

“A Thiarcais! Nach dtuigeann tú go bhfuil sé neamhdhleathach! Thar teorainn idirnáisiúnta!? Nár smaoinigh tú fúmsa? Turasóir Eorpach … i Meiriceá Theas … bainteach le … le…!!!”

“Ná bí buartha. Ní raibh siad chun teacht air. Bhí sé i bhfolach agam. Ní bhíonn aon mhaitheas leis na hoifigigh chustam sin ar aon nós.”

“Na … na … na hoifigigh sin?” Bhreathnaigh Aoife ar Phedro go díchreidmheach.

“Agus cad faoin eitilt a bheidh againn i gceann dhá lá? Cad faoi na hoifigigh sin? An mbeidh an mála ag teacht linn go dtí an Airgintín?”

“Cuirfidh mé go maith i bhfolach é. Ná bí buartha. Déantar é an t-am ar fad.”

Is ansin a phléasc Aoife. Phléasc idir ghol agus fhearg agus fhrustrachas uirthi d’aon gheábh amháin. Bhreathnaigh Pedro uirthi amhail is gur cuma leis faoi shlándáil an aerfoirt. Amhail is go raibh mearbhall air. Amhail is nár thuig sé cén fáth go raibh Aoife ag éirí chomh trína chéile is a bhí. I lár a spaspais di agus í ag breathnú ar aghaidh shoineanta Phedro, rith rud éigin le hAoife. Bhí gach seans ann nach raibh sé ar eitleán riamh. Nach ise a cheannaigh an ticéad dó ionas go mbeidís ábalta dul ar thuras go dtí an Airgintín le chéile. B’fhéidir nár thuig sé an méid slándála a bhí i gceist toisc nach raibh aon taithí aige. Thráigh a fearg píosa leis an tuiscint sin. Dá mba shin an cás, thuigfeadh sí dá easpa eagla. Ach thuig sí freisin go mbeadh uirthi a bheith dian leis agus gan aon rogha a thabhairt dó.

“Nílim ag teacht ar an eitilt leat má tá an diabhal mála sin linn. Caithfidh tú fáil réidh leis roimh an eitilt!” Bhain láidreacht na cainte geit as Pedro.

“Ach … Tá an mála lán a Aoife … Smaoinigh ar an méid airgid … Ní féidir … ”

“Níl an dara rogha ann. Mise nó an mála, agus sin sin!”

Stán Aoife ar Phedro go fíochmhar. Ní raibh a leithéid de chinnteacht allta feicthe ag Pedro i súile na mná óige riamh sna ceithre mhí a raibh aithne acu ar a chéile. Bhí a fhios aige nach mbeadh bua na hargóinte aige an oíche sin. Thóg sé aghaidh Aoife ina lámh, phóg sé í go bog agus d’fhéach sa tsúil uirthi.

“Ceart go leor a stór. Anois, stop den ghol, le do thoil. Roghnaím tusa, a thaisce. Ach, ba uafásach an cur amú airgid é go léir a chaitheamh amach. Seolfaidh mé abhaile é chugam féin sa phost. Ceart go leor?”

Sméid Aoife a ceann go tapa. Bheadh rogha ar bith eile níos fearr ná an diabhal mála a iompar ar an eitleán leo.

“Ach, coinníoll amháin. Anocht táimid chun sult a bhaint as sula seolaim ar aghaidh é.”

Bhreathnaigh Aoife ar an mála dúdhearg i lámh an Cholómaigh, ansin d’fhéach sí isteach ina shúile donna. Chreid sí milseacht na bhfocal uaidh agus, de réir a chéile, chiúnaigh ar a hipearanálú. Cén fáth nach mbainfidís sult as an gcuid eile den oíche le cabhair an earra dhraíochta. Ní bheadh a fhios ag éinne cad a bhí ag tarlú i bpríobháideachas an tseomra.

*

Chaith Aoife agus Pedro an dá lá dár gcionn ag taiscéal na n-iontas i La Paz. Chúlaigh ar an achrainn in intinn Aoife toisc gnóthúlacht an lae. Ar maidin na heitilte d’imigh Pedro leis go dtí oifig an phoist lena mhála dúdhearg agus é beartaithe go cúramach i mbosca beag donn. Fágadh Aoife i mbun pacála agus saoirse nua ar a hintinn le himeacht an mhála. Mhothaigh sí cúlú ar an imní. Líon a ceann le smaointí gealgháireacha faoin turas chuig an Airgintín. Radhairc ghalánta, fíonta iontacha, feolta den chéad scoth, rince tango …

Bhrúigh Pedro doras an tseomra isteach de gheit. Bhí cuma fhuascrach air agus shiúil sé go stadach i dtreo Aoife. Chonaic Aoife an bosca ina lámh aige i gcónaí agus thráigh a suaimhneas intinne ar an dtoirt.

“Ní raibh siad sásta é a sheoladh … Bhí siad ag iarraidh a fháil amach cad a bhí ann … D’iarr siad orm é a oscailt!” Bhí crith ar a ghuth.

Tharraing Aoife anáil agus rinne iarracht díriú ar an bhfadhb.

“Tá a fhios agat cad atá le déanamh leis,” ar sí.

“Ach a Aoife … smaoinigh ar an airgead ”

“Mise nó an bosca … Do rogha … ” ar sí go bagrach agus í ag gearradh isteach air. Stop Pedro ina mharbhstad i lár an tseomra.

“Tá an ceart agat a stór. Déileálfaidh mise leis seo. Téigh tusa agus cuir an tacsaí chuig an aerfort in áirithe thíos staighre. Beidh mé leat go luath agus beidh an fhadhb seo réitithe agam.”

Shiúil Aoife go mall i dtreo an dorais agus d’imigh Pedro i dtreo an leithris ar an dtrádán céanna. Stán siad ar a chéile soicind nó dhó, ansin bhailigh Aoife léi an doras amach. Stad sí, cluas leis an doras, ar feadh meandair agus chuala sruthlú an leithris laistigh. Thug cinnteacht na fuaime faoiseamh don bhean óg.

*

Bhreathnaigh Aoife ón dtacsaí ar mhná na Bolaive, ar a hataí móra seanfhaiseanta agus ar a málaí ildaite. Ar bhealach, bhí sí sásta go raibh sí ag fágaint na háite, ach ba mhó a sástacht fós go raibh an mála dúdhearg úd á fhágaint ina diaidh aici.

Nuair a shroicheadar an t-aerfort bhain Aoife sásamh as gach uile leibhéal slándála. Ní hamháin go raibh slándáil na bpasanna agus slándáil ó thaobh brathadóirí miotail de ann, ach anuas ar sin chuardaigh na hoifigigh chustam gach mála go mion. Bhain an t-oifigeach baineann, a bhí i mbun chuardach mhála Aoife, mála beag milseáin as póca tosaigh a mála.

“Ith ceann díobh,” a d’ordaigh sí go húdarásach. Bhain Aoife sásamh as an milseán a ithe os comhair Pedro. Léirigh sé seo go raibh an ceart aici faoi leibhéal na slándála san aerfort.

Agus an tseiceáil slándála deireanaí curtha díobh, d’iompaigh Aoife i dtreo Pedro.

“Nach ndúirt mé leat go mbeadh an tslándáil an-dian san aerfort? Tá an t-ádh dearg linn gur chaith tú uait an mála sin,” ar sí le hosna fhaoiseamhach agus le meathgháire ar a haghaidh. Ach bhí gáire níos leithne ar aghaidh Pedro. Chrom sé agus chogair sé i gcluas an Éireannaigh.

“Nach ndúirt mise leatsa nach raibh aon mhaitheas leis na hoifigigh chustaim sin?” D’aistrigh meathgháire Aoife ina ghrainc ar chloisint na habairte di.

“Cad atá i gceist agat?”

Chaoch Pedro súil uirthi agus rinne gáire.

“Níor smaoinigh siad ar mo fho-bhríste a sheiceáil.”

Is ansin a chuala an bheirt seoithín tafainn. D’iompaigh siad i dtreo na fuaime agus leath súile na beirte ar feiceáil dóibh beirt oifigeach custaim agus a madra chucu.

Fear uasal

le Réaltán Ní Leannáin, Leamhcán, Baile Átha Cliath

‘An tú atá ann, a Lile?’

Amharcaim ar an bhean bheag ramhar taobh le m’uileann.

‘Ó, a Pheigí, chan fhaca mé thú le fada.’

‘An miste leat má shuím anseo? Nó arbh fhearr leat -’

‘Bí i do shuí, a Pheigí, cinnte. Cuir fút, suigh agus fáilte.’

‘Go raibh maith agat. Chonaic mé an fógra báis sa pháipéar. Caoimhín Ó Dálaigh bocht. Duine eile imithe.’

‘Sin é. Ach bhí ocht mbliain is ceithre scór slánaithe aige. Níl caill air sin.’

‘Níl. Níl caill air. Bhí sé thar a bheith dóighúil ina stócach. D’imir sé don chontae, nár imir?’

‘D’imir, cinnte, go dtí go ndeachaigh sé anonn go Coventry a dh’obair. Nach iontach go bhfuil cuimhne agat air sin.’ a deirim.

‘Ní miste liom a admháil anois, a Lile, bhí nóisean agam dó. Bhí nóisean ag gach cailín óg síos suas an bóthar seo dó. Ach d’imigh sé leis a dh’obair go Sasana. Faoin am a tháinig sé ar ais lena chuid airgid bhí muid uilig pósta.’

‘Bhí. Tháinig sé ar ais díreach in am dúinn féin pósadh, mé féin is Damian.’

‘Nár oscail sé an siopa bróg, Bróga Uí Dhálaigh, an t-am sin? Bhíodh airgead ina ghlaic aige i gcónaí. Ach má bhí, caithfear a admháil go raibh sé go maith dá phobal. Agus thug sé aire dá chlann. Fear uasal a bhí ann.’ arsa Peigí.

Suímid tamall go ciúin.

‘An mó duine den mhuintir s’acu atá fágtha anois, a Lile?’ a deir Peigí.

‘Níl mórán ar chor ar bith, a chroí. Lile i ndiaidh na bhFiann, sin mise. Ní raibh de chlann ann ach é féin agus Damian s’agamsa, go ndéana Dia a mhaith air. ‘

‘Damian bocht.’

‘Niúmóine, a Pheigí, niúmóine agus seanaois le chéile. Anois sin Caoimhín thuas ansin, marbh anois chomh maith. Rita bhocht, a bhean, ní bheidh sí anseo inniu – tá sí dúlálaí le bliain anuas, an créatúr. Tá sí in Áras na Seandaoine síos an bóthar.’

Teannaim an scairf thart ar mo mhuineál.

‘Tá an séipéal seo fuar, a Pheigí, nach bhfuil?’

‘Tá, cinnte, a Lile.’ a deir Peigí.

Druidim an cnaipe ag barr mo chóta.

‘Teas daonna. Tá teas daonna ar iarraidh na laethe seo. Bhíodh daoine brúite isteach ar a chéile ag gach uile aifreann nuair a bhí muid óg, Domhnach is Dálach. Agus an boladh. Daoine nár nigh iad féin ná a gcuid éadaigh ach an oiread. Ní chronóidh mé an boladh bréan sin.’

Tosaíonn an scaifte a chruinniú isteach chuig aifreann na marbh. Mná eile an pharóiste ar dtús, an aois chéanna liom féin is le Peigí. Na mná céanna a bhíonn anseo gach maidin don aifreann ar a deich a’ chlog. Beannaím féin agus Peigí dóibh. Beannaíonn siad dúinne. Lá ar bith eile thiocfaidís trasna chun focal nó dhó bheith acu liom, ach chan inniu. Chan i láthair na cónra adhmaid sin ag bun an altóra.

De réir a chéile cruinníonn cairde agus lucht aitheantais Chaoimhín isteach. Bhí sé ina fhear mór le rá i measc an phobail le blianta fada. Bhí siopa mór agus teach mór aige. Bhí an chlann aige uilig ina ndochtúirí agus ina ndlíodóirí. Bhí maoin aige, agus bhí sé fial flaithiúil leis. Bhronn sé go leor ar scoileanna áitiúla thar na blianta, agus ar an dílleachtlann sa bhaile mhór. Cinnte, tá go leor ag freastal ar an aifreann. Bheadh sé bródúil go maith as an scaifte, dá bhféadfadh sé a fheiceáil inniu.

Ansin tchím bean mheánaosta le folt dorcha catach ag siúl suas chuig an taobhaltóir chun coinneal a lasadh. Ní aithním í, ach tá rud éigin sa dóigh a shiúlann sí a thugann lá fómhair eile i gcuimhne dom. Maidin Luain i lár na gcaogaidí, corradh is leathchéad bliain ó shin, nuair a bhí an siopa beag agam féin agus ag Damian ar an choirnéal i Sráid na bhFeá. Siopa beag bídeach a bhí ann – tae agus tobac agus arán agus a leithéid – chan ionann agus an siopa mór bróg i lár na cathrach a bhí ag Caoimhín, mo dheartháir cleamhnais.

Ní raibh de chlann agam ach Eibhlín an t-am sin. Mo chéad leanbh, mo stóirín gleoite, mo chéad chúram. Bhí an bheirt againn amuigh ar an tsráid, cúpla bomaite ciúin agam gan chustaiméir. Bhí mé i mo shuí ar chathaoir a thóg mé amach as an chistin i gcúl an tí, Eibhlín ar mo ghlúin agam, ag déanamh iontais de na gaethe gréine an mhaidin sin i Meán Fómhair. Lá peata roimh theacht an gheimhridh.

Tig bean aníos an tsráid, culaith rayon uirthi, cearnóga móra dubha agus gorma priontáilte air, agus seaicéad dúghorm peplum. Galánta. Gruaig chíortha, agus smideadh ar a haghaidh – púdar, agus dath dearg ar a béal, agus rouge ar a leiceann. Agus bróga dubha le sálaí arda agus snas patent. Ró-mhaith don chúlsráid s’againne, cuma Domhnaigh uirthi. Breathnaím ar mo náprún cadáis féin, salaithe ag Eibhlín bheag, agus an sciorta ciallmhar bréidín thíos faoi. Tá cailín beag dóighiúil ar ghreim láimhe leis an bhean, trí bliana d’aois, measaim. Caitheann sise culaith ghleoite fosta – ceann bándearg – le cuaráin agus stocaí bána. Folt dorcha catach orthu beirt, na súile céanna donna acu. Stopann siad. Tá siad chomh saoithiúil, coimhthíoch, ina seasamh ansin romham ar an chasán. Ar nós réaltaí as na scannáin, ag landáil isteach go Béal Feirste ó Hollywood Mheiriceá.

Bhí comhartha nua os cionn an dorais, ceann a phéinteáil Damian lena lámha féin – ‘Ó Dálaigh’. Litreacha móra gorma ar chlár bán. Scrúdaíonn sí an comhartha. Deir sí –

‘A Bhean Uí Dhálaigh?’

Tá tuinn ar a guth nach bhfuil mé in ann a aimsiú.

Sméidim mo cheann.

‘Is Bean eile de Dhálach mise.’ a deir sí. ‘Bean Uí Dhálaigh eile, bean Chaoimhín.’

Stánaim uirthi, trína chéile. Níl Caoimhín pósta. Nó b’shin an rud a thuig mé. B’shin an rud a thuig gach duine.

‘Agus seo í Imma. Immaculata atá uirthi ó cheart ach bheirimid Imma uirthi.’ a deir sí, greim daingean aici ar láimh an chailín bhig. Stánann an ghirseach orm féin agus ar Eibhlín ar mo ghlúin. Tagann aoibh ar a haghaidh bheag.

‘Sin an bheirt againn inár mBean Uí Dhálaigh’ a deir sí.

Tá sé te. Tá an ghrian ag spalpadh anuas. Fanann sí ina seasamh ansin romham agus sa deireadh, géillim. Tugaim cuireadh di braon tae a ól. Tá súil agam go ndiúltóidh sí, ach tagann sí isteach liom tríd an siopa agus isteach sa chistin i gcúl an tí. Socraím Eibhlín isteach sa phram mhór. Suíonn an bhean síos agus cuireann sí an cailín beag ar a glúin. Caithim sracfhéachaint ar a lámh chlé. Níl aon fháinne ar a méar.

Líonaim an citeal agus fágaim ar an sorn é. Lasaim an gas thíos faoi. Ní deir sise aon fhocal, ní deirim féin aon fhocal. Osclaím an prios agus tógaim amach dhá chupán, na cinn phoircealláin a mbíonn tú in ann an solas a fheiceáil tríothu, leis na rósanna dearga. Agus cúpla spúnóg. Cling-clang ar na fochupáin. Tosaíonn an citeal ag feadaíl. Déanaim an taephota a théamh ar dtús le braon uisce te. Cuirim na duilleoga tae isteach sa taephota. Spúnóg an duine, agus ceann eile don phota. Líonaim an pota leis an uisce fiuchta, ar a mbarr siúd. Doirtim bainne isteach sa chrúiscín bheag ón fhoireann chéanna, le rósanna agus imeall órga, foireann a fuair muid ó mo mhuintir féin mar bhronntanas pósta. Cinntím go bhfuil siúcra sa bhabhla, go bhfuil spúnóg ghlan ann. Téim isteach sa siopa folamh agus tógaim dornán de na brioscaí Marie as tarraiceán – cinn mhaithe, chan na cinn bhriste – agus cuirim ar phláta iad. Doirtim amach an tae. Cupáin ag clingireacht ar fhochupáin.

Ólann sí gan focal aisti. Ag amharc orm. Ag amharc thart ar mo chistin bheag, ar mo shaol. An sorn gáis. An tábla dara láimhe. An dabhach mór bán i gcoirnéal amháin, an prios ard adhmaid i gcoirnéal eile. An pram ina sheasamh taobh thiar den doras. Tá folcadán in éadan an bhalla eile, agus líne caite ó bhalla go balla taobh thuas de. Dearcaim ar chlúidíní Eibhlín ar crochadh ansin anois féin.

Líontar an chistin le cumhrán na mná seo, le boladh rósanna. Leanann sí léi ag stánadh orm. Fágann sí rian dearg béaldatha ar mo chupán poircealláin le rósanna. Tá mo lámha tais. Ní fhéadfadh sí bheith ina bean chéile cheart. Chan ceart. Ach chaith Caoimhín sé bliana thall i Sasana.

Tá briosca Marie i nglaic Imma ar ghlúin a máthara, í breá sásta, ag cogaint léi. Ligim orm bheith ag útamáil l’Eibhlín, sa phram. Coinním cluas orm féin, ag tnúth le duine éigin theacht isteach sa siopa a chuartú leathphunta tae nó toitín singil. Ach ní thagann.

Sa deireadh tá an dá chupán tae slogtha againn. Amharcann sí orm, ina tost go fóill. Níl aoibh ar a haghaidh ach níl cuma bhuartha uirthi ach oiread. An tachrán ar a glúin ag tosú ag fústráil.

Éirím im’ sheasamh.

‘Is baol go gcaithfidh mé pilleadh ar an tsiopa. Beidh custaiméirí ag teacht isteach bomaite ar bith feasta.’

‘Cinnte, tuigim go maith. Bhuel, go raibh maith agat as an bhraon tae. B’fhéidir go mbuailfimid le chéile arís am éigin.’

‘B’fhéidir é.’

Déanaim í féin agus an páiste a thionlacan go dtí doras an tsiopa, chuig solas na gréine. Siúlann siad beirt amach agus síos an tsráid. Coinním súil orthu go dtí go gcasann siad as mo radharc.

D’inis mé an scéal do Damian nuair a tháinig sé isteach ón mhórdhíoltóir.

‘Níor chuala mé faic fuithi ariamh.’ ar sé.

‘Bhuel, bíodh sin mar atá, shuigh sí ansin romham. Bean Uí Dhálaigh a thug sí uirthi féin.’

‘Labhróidh mé le Caoimhín.’

Ba ghnáth linn bualadh isteach chuig a mhuintir gach tráthnóna Domhnaigh. Ó rugadh Eibhlín, ar ndóigh, bhí na tráthnóntaí seo lán scléipe ag Mamó agus Daideo Ó Dálaigh léi. An chéad gharpháiste acu, rinne siad a mhór di, ag ceol di agus ag aithris rímeanna, ag súgradh léi agus á milleadh. Bhí Caoimhín lán chomh doirte uirthi, mar uncail. Bhíodh sé i gcónaí ag ceannach féiríní d’Eibhlín, bréagáin agus éadaí galánta.

An tráthnóna seo, thug mé faoi deara go raibh Damian agus Caoimhín imithe amach chuig cúl an tí. Bhí Mamó agus Daideo ag dul d’fholach bhíog l’Eibhlín.

Tháinig an bheirt leaid ar ais sa seomra. Chonaic mé go raibh léine Damian in aimhréidh. Níor thug tuismitheoirí Damian aon ní faoi deara, áfach, ná bhí Eibhlín ag gáire ar ghlúin a Daideo ar an tolg agus bhí aird na beirte sáite inti. Chóirigh Damian a bhóna agus thug sé sracfhéachaint rabhaidh orm.

‘Slán go fóill! Tá mé ar shiúl amach, a Mham.’ arsa Caoimhín.

‘Ó? Níor dhúirt – ‘

Ach bhí sé imithe amach. Tamall gairid ina dhiaidh sin sheas Damian.

‘B’fhearr dúinn bheith ag imeacht chomh maith, a Mham.’

‘Á, a Damian, níor fhan sibh i bhfad inniu.’

Socraíodh Eibhlín sa phram le rois barróga is póganna is plámáis is bladair. Bhrúigh mé an pram liom síos an tsráid agus thart ar an choirnéal.

‘Bhuel? Caidé a tharla?’

Leag Damian a láimh ar mo láimh. Bhí sé ar crith.

‘Ní fhaca mé é mar sin ariamh. D’inis mé dó faoin bhean udaí. Agus an páiste. Ach ansin, bhuel, dhruid sé isteach agus rug sé greim ar mo mhuineál.’

Bhain sé anuas an bóna den léine. Bhí a mhuineál dearg.

‘Ní raibh mé in ann anáil a tharraingt. Rug sé greim orm agus labhair sé. Bhí sé iontach soiléir. Bhrisfeadh sé mo phus dá n-abróinn aon rud faoin – ‘faoin bhitseach sin’, a dúirt sé – le Mam, le Deaid, ná le duine ar bith eile. Agus – ‘

‘Caidé?’

‘Bhagair sé nach stopfadh sé liomsa.’

Thóg sé Eibhlín amach as an phram agus d’fhaisc sé leis í. Shiúil muid an chuid eile den bhealach abhaile.

An lá dar gcionn bhí an bheirt againn i ndiaidh ruathair na maidine a chur dínn. Toitíní do lucht an mhuilinn, snaois do na seandaoine ar a mbealach abhaile ón aifreann. Ansin d’imigh Damian amach le stoc nua a fháil. Bhí mé díreach i ndiaidh pota tae a fhliuchadh dom féin ag cúl an tí nuair a bhuail an cloigín a bhí os cionn doras an tsiopa. Chuaigh mé amach chun freastal a dhéanamh.

Bhí sé féin ina sheasamh ann, mar Chaoimhín, meangadh gáire ar a aghaidh.

‘Níl sé féin sa teach?’

‘Níl,’ arsa mé féin, ‘tá sé ag an mhórdhíoltóir.’

Bhrúigh sé tharam isteach sa chistin. Chuimil sé mo leiceann agus é ag gabháil tharam.

‘Tae? Domsa? Maith thú! Bhí a fhios agat go raibh mé ag teacht!’

Thóg sé cupán amach ón phrios, cupán maith porcealláin le rósanna dearga. Dhoirt sé tae amach dó féin. In áit stopadh nuair a líon sé an cupán, áfach, lean sé leis agus shil an tae te anuas le taobh an chupáin go dtí na tíleanna ar an urlár. Shiúil sé anonn chuig an phram taobh thiar den doras. Eibhlín. Ina codladh. Shín sé an cupán thar an phram. D’amharc sé idir an dá shúil orm. Go dtí an lá atá inniu ann, níl a fhios agam cé mhéad ama a chaith muid ag stánadh ar a chéile. Ansin leag sé síos an cupán lán den tae te ar an tábla. Ag amharc orm i rith an ama, gan focal as. Shiúil sé tharam, ag cuimilt mo leicinn arís ar a bhealach amach as an tsiopa.

Tháinig Damian ar ais go gairid ina dhiaidh sin.

‘Seo iad mo bheirt stóirín!’ ar sé, ag pógadh Eibhlín agus mé féin ar an éadan. Thug mé póg dó ar ais. Ar a leiceann. Níor oscail mé mo bhéal faoina dheartháir. Níor oscail ariamh ó shin.

Thosaigh Caoimhín ag siúl amach le Rita go gairid ina dhiaidh sin, agus chaith sé a chuid tráthnónta Domhnaigh ina teannta siúd. Pósadh iad, rugadh clann daofa. Thar na blianta, dheonaigh siad airgead don eaglais, do scoileanna, do na dílleachtaí, do na misin. Bhí siad fial, flaithiúil. Bhí meas orthu.

Ní fhaca mé an bhean ghalánta agus an tachrán beag dorcha leis na súile donna riamh arís. Ní fhaca mé móran de Chaoimhín agus Rita ach oiread, seachas corrthráthnóna Domhnaigh tí Mhamó is Dhaideo Uí Dhálaigh. Bhí mé gafa le mo chlann féin, le mo ghnó féin.

Caithim súil thart ar an séipéal. Níl an bhean a las an coinneal le feiceáil. Ardaím mo láimh chuig mo leiceann agus cuimlím é.

Tagann m’iníon Eibhlín agus a clann siúd isteach agus sleamhnaíonn siad isteach ar an bhinse taobh linn. Tagann clann Chaoimhín isteach agus suíonn siad ar an bhinse tosaigh díreach romhainn. Croithim lámh leo. Déanaim comhbhrón. Tá na gaolta agus na cairde agus lucht luthchleasaíochta agus na fir ghnó agus na polaiteoirí cruinnithe isteach. Fear uasal a bhí ann, mar a dúirt mé, d’imir sé don chontae.

 

Sionnach ar fhaiche oíche

le Gréagoir Ó Dúill, Baile Átha Cliath

Éirím i lár na hoíche mar is gnáth anois, leis an draein a fholmhú,
seasaim ansin gan corraíol ar an choradh sa staighre, leathbhealach suas,
leathbhealach síos, ag amharc amach an fhuinneog tamall
ar an ghairdín, ar na crainn, ar an oíche oíche lánghealaí,
néallta bunscoile sa tóir ar a chéile trasna chlós na spéire.
Tá sionnach óg ag súgradh le corp ann, corp faoi fhionnadh bhán,
ceithre chos ag gobadh amach go righin, an ionathair gheal ag doirteadh
ina mealla tiubha, ina sneachta ar an fhaiche.

Iompraíonn sé an t-íobartach faoi sceach, déanann rúide súgartha arís
go lár gealaí faiche. Cluinim an dranntán, dordcheol fuatha,
tionlacan deiridh an bháis ag a liacht sin romham.
Tagann crathán fuachta orm,
téim ar ais a luí ar mo thaobh chluthar féin den leaba.
Ar maidin, imím ag cuartach fianaise an áir:
bréagán linbh, caora bheag olna a fágadh amuigh,
a mhuscail sa mhadadh rua a dhúchas seilge; bailím na píosaí,
caithim isteach sa bhruscar iad.

Róshoineanta atá an leanbh do cheacht na péine, don chaill,
do chluiche na cinniúna go fóill. Mise a fhoghlaimíonn thar a ceann,
ar an choradh leathbhealaigh ar an staighre, ag stánadh isteach sa dorchadas.

An Giorria Éireannach (Lepus timidus hibernicus)

le  Seán Ó Muireagáin,

Nach uathúil is nach leithleach thú
A lagomorph dúchasach na tíre
Is faide thú i nÉirinn ná aon duine beo
An oighearaois féin nár mharaigh thú
Gur fhair tú theacht na athbhreithe

An glasmhíol ag tál gach ráithe
A chluasa barrdhubh lena shonrú
Fraoch agus luibheanna sa tsamhradh
Aiteann agus fraochán sa gheimhreadh
Níor ith tú do dhóthain nár fhág fuílleach

Chonaic tú céadtheacht na ndaoine
Rinne tú á gcothú ar feadh na haoise
Ba ghaiste thú roimh rinn saighde
Ach cailleadh thú go mór don tsáinn
I bhfolach i measc na luachraí
A bhí chomh flúirseach leat féin tan

30 míle bliain a mhair tú gan bhac
Go dtáinig an talmhaíocht mheicnithe
A thorchair do ghnáthóg gan srian
Ar nós na nGael a bheathaigh tú fadó
Ní bheidh do leithéid arís ann go deo