Tar liom ag Rince!

Éilish Ni Bhriain, Castlelyons, County Cork

Doc Carroll & The Royal Blues I gClub Oíche na Seascaidí!

Ní féidir an searrach fuadrach a choimeád socair seal…

Ní raibh mo Dhaid i bhfad laistigh den leath-dorais gach Deardaoin na seachtaine agus taoscán earraí on uachtarlann ina ghleic, nuair a phreabamar i mullach a chéile timpeall air chun greim a fháil ar an “Southern Star”. Ní cúrsaí na paróiste nó staid na tire a bhí mar chrá chroí ionainn ach díreach ar aghaidh linn go dtí an leathanach ‘sóisialta’ chun fáisnéis a bhailiú faoi ócáidí siamsa na deireadh seachtaine. Sea! bhí Donal Ring ag seinm i mBréantrá, thosaigh Lena ag valsáil leis an madra amuigh san chúl-chistin, ar nós cearc i gcoinne séadáin gaoithe nuair a chuala sí tagairt don mBanna Chéilí álainn! “Coimeád do ghlugar-chinn ar do ghualainn, a lana – níl seans faoin spéar againn dul ann muna mbeidh Donie tagtha abheile ar a laethanta saora ach níl baol go mbeadh an t-ádh sin buailte linn” arsa Aine go hamhrasach. Stop an damhsa ar an dtort … súil eile ar Bhíobla an Deiscirt! “Féach ar sin, tá Doc Carroll ag teacht go dtí Club na mBuachaillí ar an Domhnach. Anam an diabhail! buailimís bóthar” arsa Lena agus amach an doras leí chun súil a leagadh ar na ‘naoináin lachan a bhí ar seachrán san bhóithrín le hais an tobair fhíoruisce. Sheolfadh mo Mham an t-ál beag amach annsin agus bhídis ag útamáil síos suas ar a sáimhín só I dtanalacht an tsrutháin bhig. Ba bhreá iad na créatúirí céanna lena gcótaí míne, buí agus an lacha maithriúil ag snámh cóngarach dóibh. B’é an jab a bhí inár gcúraim ná súil géar a choiméad ar an gclann ar eagla na heagla go bpléascadh an tSeabhac craosach anuas agus béile a sciobadh dó féin in aon alp amháin. Bhíodh sceon an diabhail orainn i bhfaitíos go dtarlódh sé i ngan fhios dúinn, go mórmhór nuair a bhuail Deardaoin na hIrise sóisialta linn! Go bhfóra Dia orainn! bheadh ár bport seinnte dá dtarlódh fuadach na lachan agus caidé rí-rá ar siúl again faoi agenda na deireadh seachtaine…

Ar theacht oíche Domhnaigh, bhí an diabhal agus a mháthar amuigh ag siamsaíocht. Bhí pictiúrlann I mBeanntraí chomh maith darbh ainm An Stella agus bhíodh rince ar siúl gachra seachtain ach is don gClub eile a ‘thíocfadh na Bannaí cheoil den scoth a bhí faoi stiúriú an Chorparáid beannaithe “The Associated Ballrooms”. Ba iontach, gan comporáid an spiorod a bhí á leanúint agus an dúil nimhe a bhíodh san scleondar nuair a bhíomar ag bogadh i ngiorracht cluas éisteachta don halla agus tonnchrith torannach ó Big Tom & The Mainliners ag pléascadh an doras amach dúinn. A Mhuire Mháthar! bhímís ag léimnigh as ár gcraiceann agus scúite chun bheith ag baint lasracha as an úrlar – agus ag caitheamh stracfhéachaint timpeall ag an am céanna ar thóir aon bhlúirín de ‘thalann nua’ a bhí ag gabhaíl thar bhráid!

Nílim a rá go raibh cosa Riverdance bronnta ón gcliabhán ormsa ach bhí ‘fios-mo-chéirde’ nádurtha agam don Quickstep agus don Whirlpool Waltz, gan trácht ar an scléip ‘s craic a bhainimís as an Siege of Ennis. Bhí súil-aithne againn ar na rinceóirí féithiúla agus bhímís ag baint na cosa dínn féin chun babhta úrláir a bhaint amach leo. Bhí mo dhearthar Donie, ábalta go diabhal ag na steipeanna sainiúla agus lúas na gcos mar bua aige agus de thoradh sin bhí éileamh síoraí air. Nuair a chonaiceamar leaid leis “an dá chos chlé” ag déanamh orainn árdaimís an órdóg do Donie agus I bpreab na súile thuig sé go rabhamar I bponc agus bhog sé chun tosaigh san scuaine scuabach, bail ó Dhia ort, a Dhónaill mo chroí go deo. Níorbh é sin on gátar ba chrua óna shábháil tú sinn na blianta anuas agus go maire tú I bhfad mar cara buan do ghach éinne Timpeall ort. Dia diamhar leis na laethanta aoibhne sin, a lana!… Mo lean..mo léan..gan mé arís óg…insan ghleann ‘nar tógadh mé… Mar a deireann an tseanfhocal ‘Ní fhanann rith maith ag an gcapall rása i gcónai’ ach is deas go bhfuil na smaointe sonasacha sin sa chloigeonn againn óna sean laethanta.

Ba mhinic a bhogamar isteach thar thaírseach I gClub na mBuachaillí gan tuairm faoin spéar againn maidir le síob abhaile. Nuair a bhíonn tú óg agus aerach ní chuireann na ‘nithe beoga’ sin isteach ort móran ach is cuimhin liom oíche amháin go raibh Áine agus mé féin i sáinn ceart, in umar na h-aimiléise i ndorchadas na h-oíche agus sinn fada fánach ó bhaile. A Mhuire na bhFlaitheas! Ní hiad na steipeanna rince ná na buachaillí dathúla a bhí mar chúis imní dúinn anois – cá raibh gach éinne, cá raibh na Morris Minors agus na Anglias go léir imithe? Ní raibh faic le feiceáil nó le cloisint ach tafann scanrúil, uaigneach an mhadra trasna na gleannta agus múscailt obann an cholúir frithinge a bhí coimhthíoch do stracálaitha bhóthair an t-am sin den oíche…. Go bhfóra Dia orainn! Créatúirí aonaracha ag peadail ar aghaidh agus ocht mhíle go leith romhainn. Ní haon bhréag a rá go raibh ceannfé orainn agus sceon choirp ‘s chraicinn- chun an donais a chur ar an scéal ar fad, nach raibh na stílettos faiseanta ag brú go géar, scealpach ar na chosa leoclallacha a bhí tuirseach go leor cheana de bharr an bhabhta phramsála timpeall úrlár an Chlub!

Chuir Áine ceist ar stócach amháin a bhí ina shuí go compórdach inn Vókswagon, ar a nglaoimís an Passion Wagon agus an cailín beag, bídeach in aice leis, ag féachaint go bolgshúileach orainne, cosuil leis an ngearrcach ag súil le péist san nead chluthar! “Nílim ag dul díreach agus tá lánún eile ag taisteal liom” arsa an tiománaí go leadránach aguS thosaigh an t-ineall árdghlórach ag réabadh le fuadar an diabhail. Bhreac sé orainn nach raibh fonn ar mo dhuine beirt spaisteoir mar sinne bheith ag cur isteach ar a ghnóthaí phearsanta an uair seo den oíche! Ó mhuise! ‘Scaoil leis an ngaoth é’ arsa Áine -‘nuair a bheidh mise ag gabháil thar bhráid, lá des na laethanta seo, suite go bródúil i bhfeighil rotha ar mo ‘Station Wagon fhéin, mo cheann san aer-ní bheannóidh mé “am-an-lae” don ainniseoir sin.. Téanaim ort.’

Ba mhór an isle-bhrí a bhí ag goilliúint orainn ag bogadh amach ó chuan Bheanntraí faoi scáth na hoíche, díreach amach i dtreo an Bathing Box agus ag tabhairt aghaidh ‘neamheaglach’ aireach ar dhúthaigh beannaithe, neamhshaolta na Reilige ag bun cnocáin an Abbey… Ní raibh fhios agam cad faoi Áine ag an nóiméad seo ach dar liom fhéin, bhi an croí dearg- scanraithe istigh im’ lár -an croí beag a bhí ag déanamh a sheacht dhichill bualadh amach as mo chléibh faoi láthair! Dheineamar Comhartha na Croise orainn féin ag impí ar Anamacha glórmhara na Marbh gam corraí óna gCeathrú Ciúin laistigh den bhalla, an fhaid is a bhíomar bonn le bonn leo lasmuigh-ag giorrú an bhóthair go luas lasrach. Ba bheag nár léimeas as mo chraicennn ar chloisteáil dom glór torannach laistigh den chlaí cóngarach don mhion-bhóthar a bhí ag gobadh amach i dtreo an Goats Path – bóithrín cúng, tomógach a lean ar aghaidh go casta go dtí Cill chruachain agus Ahakista, ‘Ara fan socair, a lana sin pónaí an fhirín bhig atá ag cur faoi i gcarbhán thuas sa chúinne – níor chualais ach seitreach an ainmhí atá fiosrach faoin bheirt amadán ag siúl an bhóthair i gceartlár na h-oíche.” Bhí Áine bocht ag iarraidh mise a chioméad ar mo shuaimhneas. Ambaist! Saothar in aisce ab ea é… anois bhíos neirbhíseach roimh an ‘ainmhí allúrach eile san gcarbhan, ach bheartaíos mo chlab a choinneáil dúnta, Ní tróimide an t-each a shrian, deirtear ach de réir mar a bhí na bróga árda am chéasadh ba bhreá liom iad a chaitheamh uaim agus na fáinní cluas liobarnach chomh maith, a bhí ag luí isteach sa chraiceann agus sruthán allais ag sileadh uaim. Bhi snaidhm na péiste ar theanga Áine, bhí tuiscint cruinn aici faoin bhfaopach ina rabhamar sáite ach chloigh mo dheirfiúir leis ann mana céann, cibé eachtra a tharla dúinn…Mar a rinne tú an leaba, luigh uirthí.. Nach deas an smaoineamh anois bheith socair sásta san leaba bhog chlúimh sa bhaile agus buidéal te ‘neadaithe’ ina lár ag Mam, ag fanacht linn?

A Mhuire Mhóthar! cad faoi Mham? Beidh sí ag imeacht go mall as a meabhar le h-imní fúinn, na laethanta sin ní raibh aon fhón so-ghluaiste id’ iar-phóca, ní raibh mórán teilafóin poiblí ach oiread, bhí na gluaisteáin gann go leor ar an mbóthar-príbhléid suntasach bheith i seilbh ceann des na sóláistí sin ambaist! Leanamar ar aghaidh ag peadaíl an bhóthair’ ach go háirithe agus thosnaíomar ar aithriseóireacht an Choróin Mhuire agus sinn ag dul i ngleic le babhta dreapadóireachta thuas i dtreo Chuais a’ Phortaigh. Bhi Áine chun tosaigh agus mise ag freagairt go lag, éadóchasach caithim a admháil …A Naomh a Mhuire a Mháthar Dé, guigh orainn …ár bpeacaí ..anois…agus.. stop an chéad charr éle…a thiocfaidh ag fálróid léis inár dtreo…AMEN… Bhuel, bhuel ní chreidfeá an miorúilt a tharla, dar liomsa ar aon chuma. Bhíomar ag díriú isteach ar an tarna deichniúir naofa nuair a chualamar coscáin ciacánach ag scríobadh taobh thiar dínn. Bhí leisce orainn casadh siar ach labhair guth iseal ó fhuinneog na bpaisinéar.. “Cá bhfuil beirt sheacránaí ag gabháil ar a trí a chlog ar maidin…? suígí isteach in ainm Dé sar a mbeireann an Púca leis sibh! Ó tuirlingt anuas ar shróid aoibhinn, fairsing, tíriúil Dubhros-céim congarach de shléibhte Dhromréidh!

Is minic a chloistear nach mbíonn cuimhne ró-fhada ar an t-arán atá ite…ach ní dhearmadfaidh mé go deo na ndeor, cineáltas an fhir sin, bail ó Dhia air cibé ar bith cá bhfuíl sé inniu. Shábháil sé sinn ón sceon anróiteach a ghabhann le h-uair mharbh na hoíche agus bhí na colpaí ag eirí níos laige de réir mar a d’eirigh sé níos déanaí! Bhíomar ag scitiríl eadrainn fhéin agus sinn ag treabhadh linn síos an chosóin Pete’s Path, an ghearr-chúrsa abhaile ( thar on droichid adhmad a chuir daid le chéile chun sinne agus Jimmy, an fear Phoist a shlánú ó tuillte na habhann sa drochaimsir). Suas na steipeanna clochacha linn, ar an dtaobh eile, a lean díreach isteach inár iothlann fhéin. Thug Áine faoi ndeara go raibh ga solais ghealánaigh ag siománaíocht ar bharr na steipeanna agus a Thiarna, stadamar sioctha, i dtost na Marbh A Mhuire na bhFlaitheas! ní raibh tromluí na hoíche tosaithe i gceart fós.. ‘n fheadar an diabhal cad eile a bhí romhainn?! D’éisteamar ..bhí gach puinn anála ag imeacht uaimse… dhruid an bhladhm thaibhsiúil níos cóngaraí… ” Ara ‘n anam an díabhail cá raibh sibh?…ní bhfuair mé pioc suaimhnis ó do Mham leis na huaireannta ach í ag cnámhseáil is ag olagón gan staonadh ón uair thar mheán oíche … Ó táid tógtha i dtreo iasachta ag stráinséar’ éigin… nó b’fhéidir gur shleamhnaigh said isteach ón ndroichead agus iad imithe le sruth na habhann.. A Mháighdean Mhuire na Mhathar Ghlórmhar Tóg an laindéar agus buail bóthar!” Bhí an fear bocht ciaptha cráite agus dár ndóigh, bhí trua againn dó, cé nach raibh leigheas dá laghad againne ar an scéal. Maidir le Mam! bhuel fhuel .. Chaith Áine Stracfhéachaint fraochmhar I dtreo doras na cúl-cistine … Sea! Bhí sé leath-oscailte .. thiontaigh sí ar nós coinín scanraithe, ag casadh sméideóg thapaidh siar ormsa. A Thiarna! scaipeas liom ina diaidh.. ag fógaint Daid agus an laindéar preabach chun scéal na nÍnionacha Drabhlásacha a mhíniú do Mham thraochta… I gcásanna den tsaghas seo creidim féin gur fearr rith maith nádroch-sheasamh!!

Advertisements

Caillte?

Eileen O’Brien, Cheshire

Caill mé mo theanga in Eirean
Ar fad, ar fad, fado
Ní raibh sí i mo phoca
Ná i mo chota dubh

Ní raibh sí in aon áit a chuaigh mé
I gcaoga mbliana ó shin
Glaoch mé ar an spéir
Ach ní raibh sí ann

Éist mé leis on ngaoth agus na h-éidíNí
Shúil mé ar na sléibhte agus trastal mé an domhain

Chuaigh mé ar ais go h-Eireann ach Ní raibh si ann
Ní raibh si i mbéile na daoine a mbualah liom

Ní raibh aon grá acu do mo theanga álainn
Ní raibh aon meas acu don teanga dílis

Sé brón mo chroí, is mise na daoine sin
Ní raibh aon grá agam ar mo theanga dhílis

Bhí mé ró gnóthach na focal a rá
Níor thug mé na focailm a bhí agam do mo pháisti
Ní raibh aon meas agam ar mo theanga dhuchais

Is seanbhean mé anois
Ag smaoineamh ar an t-am fadó
A bhí mo theanga glas

Anois, ag fóghlaim mo theanga féin
For shamé for shame,
mo theanga a chaill mé in Eire
Ar fad ar fad fadó.

Gile na Gile a chonnarc….

Aine Máire Chadwick, Northumberland

Tháinig deireadh le hobair an lae ag a trí chlog an Aoine úd. Dúnadh doras an tseomra fhreastsil agus d’imigh an Dr Ó Mordha leis faoi dhéin an mhacaire ghailf. Chuir mise, an fáilteoir, an oifig in ord, chuile rud leagtha amach réidh don Luan. Ansin sciob mé liom go dtí an seomra folcadh chun éadaí an lae a bhaint díom agus mé féin a fheistiú. Níos féin san áit fhéithfhuar chaol úd, uisce fionnuar ag sileadh le craiceann thar mo ghéaga, mo bholg, mo leasracha, go talamh.

Ghléasas mé féin i mo ghiotai boga síoda – fo-ghúnaí bána ag leathmú amach om Chom – gúna geal éatrom ar bharr ag sioscarnach. Nach mise a bhí gafa mar bhrideog i gceart – culaith sheanda, culaith nua, éadaí gorma agus éadaí ar iasacht …. seaicéad d’fhionnadh mhín donn ar airleacan óm chara géarshrónach, Eibhlín. Rinne sála arda mo bhróga nua ceol beag ar leaca an halla agus mé ag triall amach don tsráid.

Bhí na páisti ag imirt fós i gclós na scoile agus rannóg ar siúl acu:
‘Ná téir trasna ach thar droichead…’
‘Seo linn an traein mhór dhearg.’

Seans nach rachaidh siad ar thraein riamh ach 50 campa shamhraidh de chuid an S.V.de P. nó ó Learpholl go Lonndan ag lorg oibre.

‘Seo linn bád na heisimirce.’ Tithe arda dubhrúnda ar gach taobh díom sa chomarsanacht seo de Bhaile Atha Cliath ach is cuma liom. Sáite in phóca a litir, no mheára á chuimilt le dóchas. Le grá. An tráthnona ud ba mhó liom an giobal paipéir sin ná briathra na bhfáidh agus na dtairngirí. An clúdach litreach ar leag sé beola leis. Dhruid boladh bréan an bhochtanais ó sheomraí phlúchta trí na hallaí dorcha amach ar na sráideanna. ‘Beidh mé ag feitheamh leat sa mhetropole. Beidh seans againn arís a bheith le chéile, a chuisle…’

Bhíos imníoch go leor anois agus mé ag druidim gar do Shráid Uí Chonaill, ach bhí an mhian ag sárú ar an eagla.

Bhí deireadh seachtaine iomlán romhainn amach, mise i dteannta leis an té ar domhan ab annsa liom. Ar feadh tamaillín beidh faoiseamh le fáil ón nganntanas, ón uaigneas, ón ngannchúis. Beidh mé leis arís tar éis na míonna ina éaghmais ag caint, ag suirí le chéile sa chompord, sa bhogtheas gan eagla…..Is dá éis súgradh sop i súsa..sinn araon i bhfaid on a bhean searbh tur faoin tuaith.

Mar bhí a fhios agam go raibh mo leannán croí, Deasún, i ngaiste an phósadh le cailleach bhunaidh an airgid. Bean sanntach go leor á bhí inti. An mhaoin aici agus gan í a bheith sástaligint le Deasún dul i gceann le scéiméanna áirithe dearscnaithe a bhí in intinn aige. Chreid mise ann ach ní agam a bhí an t-airgead. Milleán géar uirthi mar spriúnlaitheoir. . . . .

Nach cuma liom. Bhí sé ag feitheamh liom anois … Bhuail mé liom go luathchosach. Agus bhí sé ann romham ina shuí ag bord beag ciorcalach taobh thiar den ghloine daite Narbh é an chuma dhuairc thromchroíach a bhí air. A mhéara ag seinm doird go bog ar a chathaoir. Tháinig mé faoin a dhéin go ciúin agus sheas sé suas go mall. Lig sé osna beag faoisimh uaidh agus shín amach a lámh.

‘A Pheigín, a chuisle’, ar seisean go híseal, ‘is méanar liom thú a fheiscint. Bhí eagla anama orm nach dtiocfá…Beidh agat le n-ól? Ní raibh de dhíth orm ach fuaiméanna a bhéil ach d’ordaigh mé rud éigin. Shuíomar an-gar dá chéile, in aireachtáil a chéile, ag déanamh connradh le chéile.

Faoi dheireadh thug sé straicfhéachaint orm, dhearc sé ar a uaireadóir, lámh leis ina luí go héatrom ar mo mhéara. Rith sé liom gur fhíordhráma a bhí anseo eadrainn, ní ba chruthanta ná iad siud a bhí á léiriú ar an scannán sa phictiúrlann a bhí thuas staighre. Ach d’imigh an smaoineamh le fána.

Ba léir dom anois go raibh an ghruaim ag iomaíocht leis an ngrá ar a dheaghnúis. ‘Rachamid, a Pheigín, a thaisce’, dúirt sé ag plé le cótaí, le málaí, le gloiní ag labhairt go faiteach, go ciúin…

‘Níl mórán ama againn’ … Baineadh an anál díom; níor fheach sé orm ach lean leis ag míniú. ‘Rinne mé mo dhícheall, a chroí, ach caithfidh tú é seo a thuiscint. Má éiríonn aon amhras ag Síle fúm, beidh deireadh liom – linn. Beidh mé ag filleadh ar thraein a naoi ó Droichead an Rí … Beidh sí ag feitheam liom leis an ngluaistean i dTráilí … Níl aon … níl aon dul as agam.’ Agus bhí cuma air chomh truaimhéalach gur beag nar bhris mo chroí.

D’fhilleamar don tsráid. Focal níor fhéadas a rá le neart díomá. Níor léir dom cá raibh ár dtriall. ‘Tar liom, a Pheigí,’ ar seisean. Tá áit bheag phríóbháideach faighte agam dúinn. Níl sé i bhfad uainn. Beimid le chéile, sinn sraon, thios ar na céanna. Níl cuma róghalánta uirthi ach nach cuma san dúinn.’

‘I bhfad, i bhfad uainn an t-olc.’ Focla fánacha ag iméacht le gaoith an earraigh. Bhí an tráthnóna ag dul i ndorchadas, fuacht gorm Mí Márta ag sileadh tharainn. Bhí an spéir os cionn Christchurch go mín geal, abhainn na Life ag sleamhnú mar shíoda go farraige anonn.

Bhí flosc agus fonn mo leannaín ag teacht chugam trí bhrú na méara fáiscithe go teann. Chuala mé arís ceol mo shála ar an gcosán. A leannaín, ná téirigh thart … is aoibhinn
liom do theacht … ró-aoibinn liom.

Bhí saint agam a bheith leis, lom-nocht taobh le taobh, ag imirt an chleasa eile. Nach méanar don chaillichín sin atá pósta leis. Sé’n trua, sé’n trua nach mise, Sé’n trua nach
mise bean Deasúin’.

Bhí an teach itheacháin i sráid lom dorcha. Faoin solas lag chonaic mé an t-oléadach clúdaithe le smál, le plátaí gan a bheith nite. Isteach linn agus agus chonaic mé halla cúng ar chúl an tseomra. Ní raibh duine le feiscint ach mhothaigh mé mar bheadh suíle géara ag stánadh trím. Thóg Deasún eochair as a phóca a raibh eireaball de thicéad salach ag sileadh uaidh.

‘suas linn, a ghrá,’ ar seisean agus ba bheag nár léim sé suas an staighre sméartha. Lean mé é don léibheann. Bhí boladh cócaireachta, ionnaltáin ann. Bochtanas chuile ait. Seomra suarach bhí romhainn gan de throscán ann ach leaba mór, cathaoir leathmhoingeach agus folcadán chlúdaithe le páipéar. Bhí ólograf fíochmhar den Chroí Ró-Naofa ag cromadh os cionn na leapa.

…Níl sé seo inchreite … Bob á bhualadh aige orm…

Ach bhí a ghéaga am fáisceadh, a bheil ag lorg mo bheola. Stríoch sé díom an seaicéad agus bhí neart agus teocht a cholann tharm. ‘Déan deifir, a chailín’ chogair sé liom.

Bhain sé de go méar, a dhroim liom, a chuid éadaigh ag titim go talamh agus isteach leis idir na bráillíní spadliatha. Luigh sé siar agus bhí méangadh ar a bheola. Bhí táirne ag gobadh amach ar chúl an dorais agus chroch mé an seaicéad so go cúramach air. Thosaigh mé go mall ag oscailt cnaipí mo ghúna. Faoin Lagsholas chonaic mé aoibh go dtí na cluasa air… Ní orm a bhí a intinn ach ar a cholainn feln. Stáin mé air. Ghluais a a mheara go héatrom trina a fholt. Ba léir go raibh sé ag éirí lom. Bhí sé freisin ag titim chun feola, tirú ina luí ar a bholg gan ribe gruaige ar a chliabhrach …Bhí cuma bog lom bándearg air’.

‘Brostaigh ort, a Pheigí,’ … ach d’fhan mé im sheasamh, greamaithe don urlár. Ruaig baothracht gáire trím, gaire Peigí dóite … Bhí sé cosúil le hispín mór éigin sínte ansin.

Bhí sé ag éirí mífhoighdeach anois, na beola ag caolú air. ‘Tar chugam. Tar anseo.’ Shín sé chugam. ‘Níl mórán ama agam – againn.’

Tháinig déistin orm.

D’fhéach mé tharm ar an ait shalach le drochmheas. Cheapas go bhfacas na daoine a chleachtaigh an láthair seo – mná na hoíche, fir na, sráideanna dorcha, daoine bochta. na tuaithe ag lorg oibre sa chathair’, cailíní oga torracha ar a dteicheadh go Sasanna, daoine gan dóchas inscianta.

Shocraigh mé mo ghúna arís. Shnap mé síos an cóitin agus d’fhéach mé le gráin ar an suarachan sa leaba.

‘Tá súil agam nach mbeidh tú déanach le haghaidh na traenach. Abair mé le Síle.’ Gan feachaint arís air d’fhag mé an seomra go crapchosach … Lean na mallachtaí mé síos an staighre léanmhar úd.

Bhí an oíche fuar liath romham. Cuma bocht ar na tithe. Bhí mé ag rith d’fhonn deargnáire na háite a sheachaint, d’fhonn na smaointe a chailliúint, d’fhonn boladh na comharsanachta a ghlanadh amach uaim.

Ba chéasadh dom scaráint leis an ngrá thug brí agus substaint don saol angarach. Tháinig racht goil orm agus mhoilligh mé. Anois trí dhorchadas na péine bhí smaointe eile ag smúrthacht thart. Mhothaigh mé ionam uaighneas na saoirse. Cheap mé ar an nóiméad sin go raibh mé im bhean.

Ar Dhroichead Uí Chonaill sheas mé. D’féach mé síos san uisce teimhneach. Loinnir dhubh liath anois uirthi. Cén díomá a bheadh ar Eibhlín, dá léimfinn isteach ann. Bheadh an fionnadh mín donn ina chloch brón fám mhuineál ann, sáite san láib. Eibhlín bocht. Ní bí óinseach mná arís, mise os ard …

Tháinig rannóg na naoinán im cheann:

‘Ná téir trasna ach thar droichead….’

Bhí mé á chanadh agus aghaidh á thabhairt agam ar mo sheomra aonarach, sála caola mo bhróga ag bualadh amach na rithimé ar an gcosán.