2012 Winners announced

The winners of the 2012 writing prize have been chosen.

1st. Scéal Beag by Terri Lynk of Willenhall, West Midlands

2nd. Cén Fá? by Eileen O’ Brien of Sale, Cheshire

3rd. Níl aon tinteán gan do bharr-fhód fhéin by Éilish Ni Bhriain of Castlelyons, County Cork.

Over the next few weeks the winning entries will be published on here. Thanks for all your entries and we look forward to receiving your entry for the 2013 competition!

Tar liom ag Rince!

Éilish Ni Bhriain, Castlelyons, County Cork

Doc Carroll & The Royal Blues I gClub Oíche na Seascaidí!

Ní féidir an searrach fuadrach a choimeád socair seal…

Ní raibh mo Dhaid i bhfad laistigh den leath-dorais gach Deardaoin na seachtaine agus taoscán earraí on uachtarlann ina ghleic, nuair a phreabamar i mullach a chéile timpeall air chun greim a fháil ar an “Southern Star”. Ní cúrsaí na paróiste nó staid na tire a bhí mar chrá chroí ionainn ach díreach ar aghaidh linn go dtí an leathanach ‘sóisialta’ chun fáisnéis a bhailiú faoi ócáidí siamsa na deireadh seachtaine. Sea! bhí Donal Ring ag seinm i mBréantrá, thosaigh Lena ag valsáil leis an madra amuigh san chúl-chistin, ar nós cearc i gcoinne séadáin gaoithe nuair a chuala sí tagairt don mBanna Chéilí álainn! “Coimeád do ghlugar-chinn ar do ghualainn, a lana – níl seans faoin spéar againn dul ann muna mbeidh Donie tagtha abheile ar a laethanta saora ach níl baol go mbeadh an t-ádh sin buailte linn” arsa Aine go hamhrasach. Stop an damhsa ar an dtort … súil eile ar Bhíobla an Deiscirt! “Féach ar sin, tá Doc Carroll ag teacht go dtí Club na mBuachaillí ar an Domhnach. Anam an diabhail! buailimís bóthar” arsa Lena agus amach an doras leí chun súil a leagadh ar na ‘naoináin lachan a bhí ar seachrán san bhóithrín le hais an tobair fhíoruisce. Sheolfadh mo Mham an t-ál beag amach annsin agus bhídis ag útamáil síos suas ar a sáimhín só I dtanalacht an tsrutháin bhig. Ba bhreá iad na créatúirí céanna lena gcótaí míne, buí agus an lacha maithriúil ag snámh cóngarach dóibh. B’é an jab a bhí inár gcúraim ná súil géar a choiméad ar an gclann ar eagla na heagla go bpléascadh an tSeabhac craosach anuas agus béile a sciobadh dó féin in aon alp amháin. Bhíodh sceon an diabhail orainn i bhfaitíos go dtarlódh sé i ngan fhios dúinn, go mórmhór nuair a bhuail Deardaoin na hIrise sóisialta linn! Go bhfóra Dia orainn! bheadh ár bport seinnte dá dtarlódh fuadach na lachan agus caidé rí-rá ar siúl again faoi agenda na deireadh seachtaine…

Ar theacht oíche Domhnaigh, bhí an diabhal agus a mháthar amuigh ag siamsaíocht. Bhí pictiúrlann I mBeanntraí chomh maith darbh ainm An Stella agus bhíodh rince ar siúl gachra seachtain ach is don gClub eile a ‘thíocfadh na Bannaí cheoil den scoth a bhí faoi stiúriú an Chorparáid beannaithe “The Associated Ballrooms”. Ba iontach, gan comporáid an spiorod a bhí á leanúint agus an dúil nimhe a bhíodh san scleondar nuair a bhíomar ag bogadh i ngiorracht cluas éisteachta don halla agus tonnchrith torannach ó Big Tom & The Mainliners ag pléascadh an doras amach dúinn. A Mhuire Mháthar! bhímís ag léimnigh as ár gcraiceann agus scúite chun bheith ag baint lasracha as an úrlar – agus ag caitheamh stracfhéachaint timpeall ag an am céanna ar thóir aon bhlúirín de ‘thalann nua’ a bhí ag gabhaíl thar bhráid!

Nílim a rá go raibh cosa Riverdance bronnta ón gcliabhán ormsa ach bhí ‘fios-mo-chéirde’ nádurtha agam don Quickstep agus don Whirlpool Waltz, gan trácht ar an scléip ‘s craic a bhainimís as an Siege of Ennis. Bhí súil-aithne againn ar na rinceóirí féithiúla agus bhímís ag baint na cosa dínn féin chun babhta úrláir a bhaint amach leo. Bhí mo dhearthar Donie, ábalta go diabhal ag na steipeanna sainiúla agus lúas na gcos mar bua aige agus de thoradh sin bhí éileamh síoraí air. Nuair a chonaiceamar leaid leis “an dá chos chlé” ag déanamh orainn árdaimís an órdóg do Donie agus I bpreab na súile thuig sé go rabhamar I bponc agus bhog sé chun tosaigh san scuaine scuabach, bail ó Dhia ort, a Dhónaill mo chroí go deo. Níorbh é sin on gátar ba chrua óna shábháil tú sinn na blianta anuas agus go maire tú I bhfad mar cara buan do ghach éinne Timpeall ort. Dia diamhar leis na laethanta aoibhne sin, a lana!… Mo lean..mo léan..gan mé arís óg…insan ghleann ‘nar tógadh mé… Mar a deireann an tseanfhocal ‘Ní fhanann rith maith ag an gcapall rása i gcónai’ ach is deas go bhfuil na smaointe sonasacha sin sa chloigeonn againn óna sean laethanta.

Ba mhinic a bhogamar isteach thar thaírseach I gClub na mBuachaillí gan tuairm faoin spéar againn maidir le síob abhaile. Nuair a bhíonn tú óg agus aerach ní chuireann na ‘nithe beoga’ sin isteach ort móran ach is cuimhin liom oíche amháin go raibh Áine agus mé féin i sáinn ceart, in umar na h-aimiléise i ndorchadas na h-oíche agus sinn fada fánach ó bhaile. A Mhuire na bhFlaitheas! Ní hiad na steipeanna rince ná na buachaillí dathúla a bhí mar chúis imní dúinn anois – cá raibh gach éinne, cá raibh na Morris Minors agus na Anglias go léir imithe? Ní raibh faic le feiceáil nó le cloisint ach tafann scanrúil, uaigneach an mhadra trasna na gleannta agus múscailt obann an cholúir frithinge a bhí coimhthíoch do stracálaitha bhóthair an t-am sin den oíche…. Go bhfóra Dia orainn! Créatúirí aonaracha ag peadail ar aghaidh agus ocht mhíle go leith romhainn. Ní haon bhréag a rá go raibh ceannfé orainn agus sceon choirp ‘s chraicinn- chun an donais a chur ar an scéal ar fad, nach raibh na stílettos faiseanta ag brú go géar, scealpach ar na chosa leoclallacha a bhí tuirseach go leor cheana de bharr an bhabhta phramsála timpeall úrlár an Chlub!

Chuir Áine ceist ar stócach amháin a bhí ina shuí go compórdach inn Vókswagon, ar a nglaoimís an Passion Wagon agus an cailín beag, bídeach in aice leis, ag féachaint go bolgshúileach orainne, cosuil leis an ngearrcach ag súil le péist san nead chluthar! “Nílim ag dul díreach agus tá lánún eile ag taisteal liom” arsa an tiománaí go leadránach aguS thosaigh an t-ineall árdghlórach ag réabadh le fuadar an diabhail. Bhreac sé orainn nach raibh fonn ar mo dhuine beirt spaisteoir mar sinne bheith ag cur isteach ar a ghnóthaí phearsanta an uair seo den oíche! Ó mhuise! ‘Scaoil leis an ngaoth é’ arsa Áine -‘nuair a bheidh mise ag gabháil thar bhráid, lá des na laethanta seo, suite go bródúil i bhfeighil rotha ar mo ‘Station Wagon fhéin, mo cheann san aer-ní bheannóidh mé “am-an-lae” don ainniseoir sin.. Téanaim ort.’

Ba mhór an isle-bhrí a bhí ag goilliúint orainn ag bogadh amach ó chuan Bheanntraí faoi scáth na hoíche, díreach amach i dtreo an Bathing Box agus ag tabhairt aghaidh ‘neamheaglach’ aireach ar dhúthaigh beannaithe, neamhshaolta na Reilige ag bun cnocáin an Abbey… Ní raibh fhios agam cad faoi Áine ag an nóiméad seo ach dar liom fhéin, bhi an croí dearg- scanraithe istigh im’ lár -an croí beag a bhí ag déanamh a sheacht dhichill bualadh amach as mo chléibh faoi láthair! Dheineamar Comhartha na Croise orainn féin ag impí ar Anamacha glórmhara na Marbh gam corraí óna gCeathrú Ciúin laistigh den bhalla, an fhaid is a bhíomar bonn le bonn leo lasmuigh-ag giorrú an bhóthair go luas lasrach. Ba bheag nár léimeas as mo chraicennn ar chloisteáil dom glór torannach laistigh den chlaí cóngarach don mhion-bhóthar a bhí ag gobadh amach i dtreo an Goats Path – bóithrín cúng, tomógach a lean ar aghaidh go casta go dtí Cill chruachain agus Ahakista, ‘Ara fan socair, a lana sin pónaí an fhirín bhig atá ag cur faoi i gcarbhán thuas sa chúinne – níor chualais ach seitreach an ainmhí atá fiosrach faoin bheirt amadán ag siúl an bhóthair i gceartlár na h-oíche.” Bhí Áine bocht ag iarraidh mise a chioméad ar mo shuaimhneas. Ambaist! Saothar in aisce ab ea é… anois bhíos neirbhíseach roimh an ‘ainmhí allúrach eile san gcarbhan, ach bheartaíos mo chlab a choinneáil dúnta, Ní tróimide an t-each a shrian, deirtear ach de réir mar a bhí na bróga árda am chéasadh ba bhreá liom iad a chaitheamh uaim agus na fáinní cluas liobarnach chomh maith, a bhí ag luí isteach sa chraiceann agus sruthán allais ag sileadh uaim. Bhi snaidhm na péiste ar theanga Áine, bhí tuiscint cruinn aici faoin bhfaopach ina rabhamar sáite ach chloigh mo dheirfiúir leis ann mana céann, cibé eachtra a tharla dúinn…Mar a rinne tú an leaba, luigh uirthí.. Nach deas an smaoineamh anois bheith socair sásta san leaba bhog chlúimh sa bhaile agus buidéal te ‘neadaithe’ ina lár ag Mam, ag fanacht linn?

A Mhuire Mhóthar! cad faoi Mham? Beidh sí ag imeacht go mall as a meabhar le h-imní fúinn, na laethanta sin ní raibh aon fhón so-ghluaiste id’ iar-phóca, ní raibh mórán teilafóin poiblí ach oiread, bhí na gluaisteáin gann go leor ar an mbóthar-príbhléid suntasach bheith i seilbh ceann des na sóláistí sin ambaist! Leanamar ar aghaidh ag peadaíl an bhóthair’ ach go háirithe agus thosnaíomar ar aithriseóireacht an Choróin Mhuire agus sinn ag dul i ngleic le babhta dreapadóireachta thuas i dtreo Chuais a’ Phortaigh. Bhi Áine chun tosaigh agus mise ag freagairt go lag, éadóchasach caithim a admháil …A Naomh a Mhuire a Mháthar Dé, guigh orainn …ár bpeacaí ..anois…agus.. stop an chéad charr éle…a thiocfaidh ag fálróid léis inár dtreo…AMEN… Bhuel, bhuel ní chreidfeá an miorúilt a tharla, dar liomsa ar aon chuma. Bhíomar ag díriú isteach ar an tarna deichniúir naofa nuair a chualamar coscáin ciacánach ag scríobadh taobh thiar dínn. Bhí leisce orainn casadh siar ach labhair guth iseal ó fhuinneog na bpaisinéar.. “Cá bhfuil beirt sheacránaí ag gabháil ar a trí a chlog ar maidin…? suígí isteach in ainm Dé sar a mbeireann an Púca leis sibh! Ó tuirlingt anuas ar shróid aoibhinn, fairsing, tíriúil Dubhros-céim congarach de shléibhte Dhromréidh!

Is minic a chloistear nach mbíonn cuimhne ró-fhada ar an t-arán atá ite…ach ní dhearmadfaidh mé go deo na ndeor, cineáltas an fhir sin, bail ó Dhia air cibé ar bith cá bhfuíl sé inniu. Shábháil sé sinn ón sceon anróiteach a ghabhann le h-uair mharbh na hoíche agus bhí na colpaí ag eirí níos laige de réir mar a d’eirigh sé níos déanaí! Bhíomar ag scitiríl eadrainn fhéin agus sinn ag treabhadh linn síos an chosóin Pete’s Path, an ghearr-chúrsa abhaile ( thar on droichid adhmad a chuir daid le chéile chun sinne agus Jimmy, an fear Phoist a shlánú ó tuillte na habhann sa drochaimsir). Suas na steipeanna clochacha linn, ar an dtaobh eile, a lean díreach isteach inár iothlann fhéin. Thug Áine faoi ndeara go raibh ga solais ghealánaigh ag siománaíocht ar bharr na steipeanna agus a Thiarna, stadamar sioctha, i dtost na Marbh A Mhuire na bhFlaitheas! ní raibh tromluí na hoíche tosaithe i gceart fós.. ‘n fheadar an diabhal cad eile a bhí romhainn?! D’éisteamar ..bhí gach puinn anála ag imeacht uaimse… dhruid an bhladhm thaibhsiúil níos cóngaraí… ” Ara ‘n anam an díabhail cá raibh sibh?…ní bhfuair mé pioc suaimhnis ó do Mham leis na huaireannta ach í ag cnámhseáil is ag olagón gan staonadh ón uair thar mheán oíche … Ó táid tógtha i dtreo iasachta ag stráinséar’ éigin… nó b’fhéidir gur shleamhnaigh said isteach ón ndroichead agus iad imithe le sruth na habhann.. A Mháighdean Mhuire na Mhathar Ghlórmhar Tóg an laindéar agus buail bóthar!” Bhí an fear bocht ciaptha cráite agus dár ndóigh, bhí trua againn dó, cé nach raibh leigheas dá laghad againne ar an scéal. Maidir le Mam! bhuel fhuel .. Chaith Áine Stracfhéachaint fraochmhar I dtreo doras na cúl-cistine … Sea! Bhí sé leath-oscailte .. thiontaigh sí ar nós coinín scanraithe, ag casadh sméideóg thapaidh siar ormsa. A Thiarna! scaipeas liom ina diaidh.. ag fógaint Daid agus an laindéar preabach chun scéal na nÍnionacha Drabhlásacha a mhíniú do Mham thraochta… I gcásanna den tsaghas seo creidim féin gur fearr rith maith nádroch-sheasamh!!