Faoi Dhraíocht An Ghrá

Janet Uí Laoire, Cork

Chuireas chun bóthair i m’aonar glan
Gan chúrsa im chosa ach le cúis cinnte
Ag lorg suaimhneas dom chroí
Tuirseach de bheith ag ceistiú gan bhrí.

Tá m’aigne ’s mo chroí trom breoite
Mar tá do chroí dúr, fuar, reoite
Ní thuigim cad a tharla eadrainn.

Cá bhfuil na laethannta grianmhaire, saoire?
Nuair a bhímis ag gáire i bhfochair a chéile
Ag comhrá, ag canadh is ag gol le chéile.
Cá bhfuil said imithe anois?

Nach cuimhin leat mar a bhraitheadh sé
San am sin aoibhinn?
Ár n-aigne ceangailte gan gá le caint
Ár n-anamnacha ag damhsa ar thóir reachta neamhaí.
Cá bhfuil an t-am sin anois?

Nach cuimhin leat na h-oícheanta
ag síneadh amach romhainn?
Ár gcolainneachta míne ag tadhaill
Ina luí taobh linn
Faoin mbraitlín síodúil ár mbrionglóid.
Cá bhfuil said imithe anois?

Tá na laethannta saoire le fuaimeanna ár ngáire
Na h-oícheanta síodúla leis ár mbrionglóidi
Scaipthe i smidirini
Ar úrlár trombhriste mo chroí.
Cad tá ann ina ndiaidh?

Níl ann anois ach guthanna im cheann
“Má”; “dá”; “b fhéidir”; “cad ‘na thaobh?”
Ní thuigim an fáth
Ach fós faoi dhraíocht an ghrá
Gan tuairim, gan bhrí
Is tusa atá ag tarraingt ar théada mo chroí.