An Turas go Barraidh Inse Ghall

le Seán Mac Néill

Bhí stró agus clampar an chathair ag cuir isteach go géar orainn. Bhailigh cúigear cara le chéile chun an ceist á phlé. Shocráiomar Londain a fhágáil ar feadh tamailín. Cá rachaimis? Bhí tuairim difrúil ag gach éine. Mhol Pol an Portugéil. Chreid Cathal go raibh an Fhrainc an freagra. Dar le Malachí Rua ní raibh aon ait sa domhan cosuil leis an Cabhán. “Cad mar gheall ar an Sarawac?” arsa mise. Thosaigh Frainc an bhéil bhinn draoícht’ a cuir orainn agus é ag caint faoi bhuntáistí Oileain Bharraidh – na tránna móra bána, na daoine cneasta, an turas suimiúil agus Gaeilge na h’Alban. Thugamar bualadh bos dó agus chuireamar i geannas pleanála é.

Coicís ina dhiaidh, as go brách linn ar an traen oíche o Euston go Glascú. Bhí sé i bhfad níos fuaire san Alban. Ní raibh ach mala beag ag gach duine ach amhain Frainc. Bhí rothar mór láidir aige agus ceithre mhálaí tiubha ceangailte air. Bhí cúig slat iascaigh, dhá bhosca gléis iascaireachta agus líon mór aige. Ar a cheann bhí hata le dhá dosaen baití sáite istigh ann. “Cá bhfuil do mhuirga?” arsa Pól. “An bhfuil do ghunna eilifint leat?” arsa duine eile. Bhí sé cosúil le Stanley san Aifric nuair a thainig sé ar an Limpopo í 1873. Bhí orainn cabhair a thabhairt dó. “Dá bhfeicfeadh mo mháthair anois mé” a duairt Malachí, “Agus mé i mo Sherpa” do Shlogeach” Bhogamar isteach ar bialann agus bhí béilte blasta ag na ‘Sherpai’. Shiúileamar go Stasiún Sraid na Banríona agus niorbh fhada go raibheamar ar an traen go h-Oban in Argyll.

Thosaigh an turas i ndáiríre tareis imill na gcathrach a flágáil. Beagán ar bheagán d‘athraigh an timpeallacht. Bhí sleibhte árda móra thart orainn, Loch Awe ar taobh amhain agus Loch Lomand ar taobh eile. Anois is arís chonaiceamar srian sneachta ar barra na gnoch. Bhí sos beag againn i g Crianlarich. Roinneann an traen ansin. Téann leath amhain go Mallaig agus an leath eile go h Oban. Bhíomar í geartlár Gaeltachta na h Alban. Rinneamar stad ar Ardluí, Cruachan agus Dalmally. Ní bhíonn ach líne singil as sin amach. Chaitheamar fanacht agus bheith foigneach go rachadh an traen ó dheas thart. Bhí coillte giúsaí i ngach áit agus da mbeadh an t-ádh leat d’fheicfeá fia cúthaileach i measc na gcrann nó b’feidir an t-iora rua.

Shroiceamar Oban. Amach linn ar an ardán leis an cnoc bhágáiste. Shiúil Frainc agus a fhoireann ‘Sherpas’ go dtí an caladh. Bhí Cathal ag éirí imníoch sna cúlsraideanna ‘Bígí ar bhur n’aire’ agus é ag cogarnáil. “Bíonn na Reathaí Boracha ag obair sa bhaile seo”. Ligeamar scread gáire asainn. “Tá an ré sin thart” arsa Malachí. “Níl sé ar chor ar bith”, d’fhreagair Cathal. “tá siad i bhfad níos cliste agus rúnda anois. Agus cé abhí gafa le deanaí” arsa Pol. ” Dag Hammarskjold, an Tiarna Lucan agus foireann an Maire Celeste” aduairt sé Leis sin tháinig seanduine ard ina chúl air. Chuir sé lámh ar ghulainn Chathail agus d’iarr sé “Ca bhfuil Mc Caig’s Folly?” Léim Cathal bocht trí troigh thuas san aer ag screadáil go truamhéileach. Dá dtarlódh sin i Realt i Áth Fhirdia leis an síleáil iseal bheadh ceann Chathail ag gobadh amach i lár an seomra bainise. Ritheadh Cú Chulainn croga féin le scanradh as an ceantar. Le h‘aon guth chuir an comhluadar ceist air. “Cathal, an bhfuil do phiollaí leat?”

Measain go bhfuil an comhlucht sin, Caledonian Mac Bryane, ina mhaistrí loinge ó Ré Noah. Cuireann siad báid ar fáil go gach oileán ina bhfuil daoine ina gconaí ann. Seolann bád go dtí an Muile (Mull) ceithre uaire san ló. Ní théann an ceann go Colbhasigh (Colonsay) ach uair amhain i rith na seachtaine. Tá clú agus cáil ar Oileán Í (lona) ar fud an domhain. Chaithfeá dul go dtí an Muile i dtús agus ansin thiomanfá siar go shroicfeá an baile beag Fionnport. Bheadh léim circe agat sular dtiocfá i dtír ar talamh na naomh. Le linn an Reifirmeiseain briseadh ina smiodar níos mó ná trí céad sean crosa ceilteacha.

Tiarna na n’Oileán b’ainm ár mbád. Bhí gach áis againn; báid tarrthála, bialann, seaicéaid tarrthála, siopa, caife agus cró madra. Bhíomar ar ár tsáimhín sheó. Ghluaiseamar linn, an t’oileán Lios Mor ar ár ndeas bord agus Kerrera ar bhord clé, Thangamar ar thaobh fhoscaidh de Mhuile. I bhfad ó láthair bhí an baile beag Tobermoray le feiceáil, leis na tithe ildathacha. Molaim duit déshúiligh a h-iompair leat. Bheifeá ábalta na h-oileáin Rhun, Canna agus Eigg a aimsiu; sléibhte árda maorga ar Oileán Sciathán a fheiceáil freisin. Bunús eile duit, d’fheadfá amharc a fháil ar iolar firéan nó iolar mara; nó míolmór.

Le linn an turais farraige bhíodh Cathal i gconaí ar seilg agus ar siortú thart ar na boird, “Táim amhrasach faoi na pioráidí Somaileacha”, aduairt sé dúinn.

Thangamar amach as foscadh Mhuile. An Minch an fainm a tugtár ar an Mór Roinn sé ceantar sin. Bíonn an farraige garbh i gconaí. Thug Oileán Mingulay dídean arís dúinn. Sheolamar thar Pabay agus Sandray, oileáin eile.

Bhí Cros Naoimh Aindreas ag gaothráil os cionn Caisleáin Kisimul nuair a shiúil ‘clann Sherpa’ síos an clord ar caladh Castlebay. Rinne Cathal mionghire do féin. Níor ghabh pioráidí Somaileacha é; an t-am seo!